Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le baill uile an choiste as an gcuireadh teacht ina láthair chun trácht a dhéanamh ar phríomhthorthaí thuarascáil bhliantúil m’oifige do 2023. Fáiltím roimh an deis thábhachtach seo le trácht a dhéanamh freisin ar na dúshláin agus na deiseanna is suntasaí atá os ár gcomhair i láthair na huaire maidir lena chinntiú go dtagann feabhas as cuimse ar na seirbhísí poiblí atá an Stát ag soláthar trí Ghaeilge do phobal labhartha na Gaeilge. Tá tráth cinniúnach linn maidir le cearta teanga phobal na Gaeilge a láidriú. Is beart suntasach de chuid an Stáit é Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 ach caithfear a chinntiú go bhfeidhmeofar na forálacha reachtúla uile atá cuimsithe san Acht.
Coinneoimid i gcuimhne an bunaidhm atá ag seirbhísí poiblí an Stát; is é sin caighdeán saoil an phobail a fheabhsú agus forás an phobail a éascú. Tá sé ríthábhachtach freisin go bhfuil muinín ag pobal na Gaeilge sna seirbhísí poiblí a chuireann an Stát ar fáil trí Ghaeilge. Cothaítear muinín i seirbhísí poiblí nuair a fheiceann an pobal go bhfuil cothrom na Féinne a fháil aige i ndáil le seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a chur ar fáil ina rogha teanga gan bhac, gan stró.
Tá sé soiléir ó líon agus cineál na ngearáin a fhaigheann m’oifig ar bhonn leanúnach go bhfuil obair mhór le déanamh chun an mhuinín sin a chothú fad is go mbeidh muinín ag pobal na Gaeilge as seirbhísí poiblí Gaeilge an Stáit. Tháinig méadú 6% ar líon na ngearán a fuair m'oifig i gcaitheamh 2023, méadú ó 600 go dtí 634. Léiríonn líonmhaireacht agus cineál na 634 gearáin a fuair m’oifig i gcaitheamh 2023 go bhfuil géarghá le trí bheart shonracha le dul i ngleic leis na bearnaí suntasacha atá sa soláthar reatha seirbhísí poiblí i nGaeilge: lánaidhm a thabhairt d'fhorálacha nua Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021; caighdeáin teanga théagartha a thabhairt i bhfeidhm a rachaidh i ngleic leis na bearnaí follasacha atá i seirbhísí poiblí na Gaeilge an lae inniu de thoradh ar laigí an seanchóras na scéimeanna teanga; agus forbairt agus feidhmiú an plean náisiúnta do sheirbhísí poiblí i nGaeilge faoi scáth an choiste chomhairligh a bhunaigh an tAire. Beidh sé riachtanach go leagfaidh an plean náisiúnta amach mapa bóthair trína rachfar i ngleic leis na bearnaí móra reatha i seirbhísí poiblí i nGaeilge.
Tá an staid reatha nach bhfuil dóthain foirne le Gaeilge mhaith fostaithe ag comhlachtaí poiblí le freastal ar phobal na Gaeilge ar cheann de na ceapa tuisle is mó faoi láthair do phobal na Gaeilge. Tá an fhoráil san Acht leasaithe go mbeidh 20% d’earcaithe sa tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoi 2030 cinniúnach ionas go dtiocfaidh feabhas ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tuigtear go bhfoilseofar an plean náisiúnta do sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge go luath, plean a fhorbraíodh faoi stiúir an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge.
De réir forála eile san Acht leasaithe, chuir an coiste tuarascáil ar dhul chun cinn ar obair an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge, don tréimhse ón 20 Meitheamh 2022 go dtí an 31 Nollaig 2023, faoi mo bhráid agus beidh tráchtaireacht ina leith á cur faoi bhráid an Aire agam roimh dheireadh na bliana seo. Is dea-scéala é gur fógraíodh le gairid go bhfuil an plean náisiúnta curtha faoi bhráid Aire Stáit na Gaeltachta ag an gcoiste comhairleach agus go bhfuil an plean le foilsiú go luath.
Mar a luaigh mé thuas, i bhfianaise ábhar agus líonmhaireacht na ngearáin a fhaigheann m’oifig ar bhonn leanúnach, beidh sé ina bhunriachtanas don phlean náisiúnta cur chuige réadúil agus céimnithe i dtreo na sprice 20% a leagan amach ionas go mbeidh dóthain foirne ag a bhfuil cumas maith sa Ghaeilge acu fostaithe sa tseirbhís phoiblí d’fhonn freastal go sásúil ar phobal na Gaeilge. Ní mór gráid na foirne a bheidh ag teastáil a thabhairt san áireamh, ní hamháin chun seirbhísí i nGaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar, ach freisin lena chinntiú go mbeidh ceannaireacht dhóthanach shinsearach ag a bhfuil Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú na bhforálacha nua a eascraíonn ó Acht 2021.
Tá sé tábhachtach scála agus scóip na seirbhíse poiblí in Éirinn a choinneáil i gcuimhne maidir leis na dúshláin agus na deiseanna atá romhainn i ndáil seirbhísí i nGaeilge a fheabhsú ar fud na seirbhíse poiblí agus i gcomhthéacs na forála 20% d’earcaithe le hinniúlacht sa Ghaeilge. Léiríonn figiúirí atá foilsithe ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go raibh 397,121 duine fostaithe sa tseirbhís phoiblí ag deireadh 2023. Áiríonn na figiúirí sin an státseirbhís agus earnálacha an leighis, an oideachais, na cosanta, an dlí, na n-údarás áitiúil agus áisineachtaí Stáit neamhthráchtála, NCSA.
De réir na foinse céanna, tháinig méadú 19,811 ar líon na bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí ó 377,310.5 ag deireadh ráithe 4 in 2022, go 397,121.81 ag deireadh ráithe 4 in 2023. B’ionann caiteachas iomlán an Stát ar an tseirbhís phoiblí in 2023 agus beagnach €26.6 billiún, an t-iomlán ab airde riamh. Léiríonn éagsúlacht rólanna agus oibríochtaí na n-earnálacha thuasluaite an riachtanas a bheidh ann d’earnáil na hollscolaíochta Gaeilge dóthain céimithe le Gaeilge a sholáthar chun na deiseanna fostaíochta nua a ghlacadh lena chinntiú go n-éireoidh leis an bhfhoráil 20% d’earcaithe le Gaeilge faoi dheireadh 2030. Beidh ról lárnach ag an bplean náisiúnta freisin i léiriú an bhealaigh trína bhforbrófar acmhainneacht na hearnála ollscolaíochta Gaeilge le tacú le gnóthú na forála 20% d’earcaithe le Gaeilge faoi 2023.
I measc na bhforálacha is tábhachtaí in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, ar mhaithe le cearta teanga phobal na Gaeilge a neartú, tá an soláthar do chóras nua na gcaighdeán teanga a chuirfear in ionad chóras na scéimeanna teanga. I gcaitheamh 2023, ba le gealltanais scéimeanna teanga nach raibh á gcur i bhfeidhm mar ba chóir a bhain 39% de líon iomlán na ngearáin a fuair m’oifig . Léiríonn an staid seo an géarghá atá le córas na gcaighdeán teanga a thabhairt i bhfeidhm. I measc na laigí ba shuntasaí a bhain le córas na scéimeanna teanga, bhí cúlú ar ghealltanais ó scéim go scéim, doiléireacht maidir le sonraíocht na seirbhíse a bhí le soláthar agus easpa soiléireacht maidir leis na hacmhainní foirne a bhí sé de dhualgas ar chomhlacht poiblí a chur ar fáil ina leith. Is díol suntais an líon gearáin nach mbíonn m’oifig in ann a fhiosrú cheal dualgas reachtúil a bheith ar chomhlachtaí poiblí ina leith i láthair na huaire. Baineann na gearáin nach féidir a fhiosrú cheal dualgas go minic le cuid de mhodhanna seachadta a úsáidtear chun na croísheirbhísí poiblí a riarann an caidreamh laethúil a bhíonn ag an bpobal leis an Stát, mar shampla córais teicneolaíochta ar líne, seirbhísí deisce cabhrach a dhéantar a sheachadadh go cianda nó ar láithreacha fisiciúla, nó seirbhísí faisnéise teileafóin fiú. Is minic soláthar seirbhísí poiblí comhaimseartha a bheith taobh le meascán de na modhanna seachadta seo. Is díol suntais an méadú atá ag teacht ar bhonn leanúnach ar líon na seirbhísí poiblí ar líne.
Maidir le pleanáil d’fhorbairt seirbhisí poiblí in Éirinn don sé bliana amach romhainn, is díol suntais na cuspóirí atá luaite ag an Rialtas ina straitéis dar teideal Cónascadh Rialtais 2030: Straitéis Dhigiteach agus TFC do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann, a d’fhoilsigh an Roinn caiteachais phoiblí agus athchóirithe in 2022. Luaitear sa straitéis go mbeidh oiread agus 90% de sheirbhísí poiblí ar leith á seachadadh ar líne faoi 2030. Luaitear sa straitéis chéanna go bhfuiltear ag súil go mbeidh 80% de shaoránaigh na tíre ag úsáid an ardáin MyGovID faoi 2030 le teacht ar sheirbhísí poiblí áirithe. I bhfianaise na mbearnaí reatha sa soláthar do sheirbhísí poiblí i nGaeilge, cá bhfágann spriocanna náisiúnta mar seo forbairt seirbhísí poiblí ar ardchaighdeán trí Ghaeilge do na blianta beaga amach romhainn?
Cibé an iarratas ar phas, ar cheadúnas tiomána, ar uimhir nó ar chárta seirbhísí poiblí atá a dhéanamh ag an bpobal teanga trí thairsí ar nós MyGovID, ba chóir go mbeadh na seirbhísí sin - idir an
ghné den tseirbhís atá ar fáil ar líne agus an ghné chumarsáide labhartha idir an pobal agus ball foirne an chomhlachta phoiblí - ar fáil ar ardchaighdeán gan bhac, gan mhoill agus gan dua i nGaeilge, mar atá i mBéarla i láthair na huaire. Le go rachfar i ngleic leis na bearnaí móra reatha sna croísheirbhisí a bhfuil tarraingt laethúil ag an bpobal orthu, tá dhá chrann taca a chaithfidh a bheith ina mbun den phlean náisiúnta um sheirbhísí poiblí i nGaeilge. Is iad sin córais nua na gcaighdeán teanga agus an soláthar de 20% d’earcaithe a bheith inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.
Is bunriachtanas atá ann go ndéanfaidh coras nua na gcaighdeán teanga cur síos beacht ar na croísheirbhísí poiblí a theastaíonn ó phobal na Gaeilge ar bhonn leanúnach agus a bheidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a sholáthar ar ardchaighdeán. Ní bhainfear sprioc an ardchaighdeáin amach mura socrófar leibhéal cumais oiriúnacha teanga trí na caighdeáin teanga don fhoireann a bheidh ag
soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge sa nGaeltacht. Cuimhnigí go mbeidh Aire na Gaeltachta ag socrú dáta faoina mbeidh seirbhísí atá comhlachtaí poiblí a chur ar fáil sa Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge ina n-iomláine. Tá sé deacair tionchar dearfach na forála sin a shamhlú gan soiléiriú a bheith ann faoi na seirbhísí a mbeidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a sheachadadh agus an leibhéal cumas teanga a chaithfidh a bheith ag foireann na gcomhlachtaí poiblí a bheidh á seachadadh.
Gné chriticiúil den phlean náisiúnta freisin is ea go n-oibreoidh córas na gcaighdeán teanga agus an fhoráil 20% d’earcaithe atá inniúil sa Ghaeilge taobh le taobh, ach seirbhísí criticiúla a theastaíonn ó phobal na Gaeilge a aithint agus dóthain foirne atá inniúil go cuí sa Ghaeilge a bheith á n-earcú chun na seirbhísí sin a sholáthar ar ardchaighdeán gach lá den tseachtain. Tá tosach feidhme tugtha ag Aire na Gaeltachta do chuid de na forálacha tosaigh a chuimsítear in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. I measc na bhforálacha is suntasaí agus is feiceálaí sa reachtaíocht nua a cuireadh i bhfeidhm go dtí seo, tá foráil a leagann dualgas ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus 5% dá mbuiséid a chaitheamh ar fhógraíocht ar na meáin Ghaeilge gach aon bhliain freisin. Is cinnte go bhfuil an fhoráil sin ag cur le feiceálacht agus le húsáid na Gaeilge ar fud na meán cumarsáide éagsúla agus tá sé tábhachtach an forás sin a aithint. Mar chuid de sheimineár ar chearta teanga ag Oireachtas na Samhna i mbliana, beidh tuarascáil á foilsiú agam a thabharfaidh léargas ar fheidhmiú na forálacha nua fógraíochta don bhliain 2023.
I dtéarmaí ceannaireachta eagraíochtúla, tá sé ríthábhachtach feidhmiú cearta teanga a neadú i sícé rialachais na gcomhlachtaí poiblí. Chun na críche seo, tá tábhacht leis an bhforáil san Acht leasaithe a leagann dualgas ar cheann gach comhlachta phoiblí ball foirne den bhainistíocht shinsearach a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta teanga. Tá dualgas ar an mball foirne sin tuairisciú ar ais chuig an gceannasaí ar fheidhmiú a dhualgas faoin Acht teanga agus tuairisciú a dhéanamh i dtuarascáil bhliantúil an chomhlachta phoiblí ar fheidhmiú an Achta teanga sa gcomhlacht poiblí. Tháinig an fhoráil seo maidir le rialachas corpáráideach i leith an Achta teanga i bhfeidhm ar an 5 Bealtaine 2023 agus tá iniúchadh á dhéanamh ag m’oifig i láthair na huaire ar ghéilliúlacht comhlachtaí poiblí don dualgas nua seo.
Is féidir linn an bhéim a leag rialtais éagsúla ar earnáil an oideachais maidir le cur chun cinn na Gaeilge a rianú siar go dtí bunú Shaorstát Éireann in 1922. Ceann de phríomhshnáithe an pholasaí sin is ea go múinfí an Ghaeilge go héigeantach do gach páiste sna scoileanna. Bhíothas ag súil go gcuirfeadh sé seo pobal cainteoirí feidhmiúla Gaeilge ar fáil. De réir fhigiúirí na Roinne Oideachais féin, tagann isteach agus amach le 60,000 dalta agus mac léinn faoi anáil an oideachais lán-Ghaeilge in aghaidh na bliana, idir bhunscolaíocht agus iarbhunscolaíocht náisiúnta agus Ghaeltachta. Ní léir go bhfuil freastal cóir á dhéanamh, áfach, ar an éileamh ar sholáthar na iarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge. Is ceist thábhachtach náisiúnta í seo atá m’oifig ag fiosrú leis an Roinn Oideachais i láthair na huaire i gcomhthéacs na ndualgas reachtúla ábhartha san Acht Oideachais, 1998.
Má tá soláthar acmhainne daonna atá inniúil go cuí sa Ghaeilge le bheith ar fáil go fadtéarmach d’fhonn freastal ar an bhforáil 20% d’earcaithe ag a bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge sa tseirbhís phoiblí, caithfidh an phleanáil tosú ag leibhéil na réamhscolaíochta, na bunscolaíochta agus na hiarbhunscolaíochta lán-Ghaeilge. Mar a bhfuil trácht déanta agam air cheana, beidh beart náisiúnta ag teastáil ag leibhéal na hollscolaíochta Gaeilge freisin le céimithe a chur ar fáil sna disciplíní éagsúla a bhíonn ag teastáil le dul ag obair in earnálacha éagsúla den tseirbhís phoiblí. Socraíodh ar dhá thosaíocht i gclár bliantúil iniúchta na hoifige in 2023. Bhain an chéad tosaíocht le hiniúchadh a dhéanamh ar ghéilliúlacht na 18 Roinn Rialtais d’fhoráil alt 9(1) maidir le fógairtí taifeadta béil. Bhí 16 as na 18 Roinn a ndearnadh iniúchadh orthu géilliúil d’fhoráil alt 9(1) maidir le fógairtí taifeadta béil. Ar bhonn comparáide trasearnálaí, is díol suntais an leibhéal ard géilliúlachta i bhfógairtí taifeadta béil i measc Ranna Rialtais in 2023 le hais an leibhéil géilliúlachta i measc na Ranna sin i ndáil leis an bhforáil chéanna san iniúchadh a rinneadh in 2014. Is an t-údarás áitiúil a rinne an iniúchadh.
Bhain an dara tosaíocht le géilliúlacht 13 údarás áitiúil don riachtanas faoi ailt 10(b) agus 10(c) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus iad ag foilsiú aon tuarascála bliantúla agus aon chuntais iniúchta nó ráitis airgeadais. Fad is a bhí scaipeadh déimeagrafach phobal na Gaeilge á chur san áireamh, roghnaíodh na naoi n-údarás áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta ina gceantar feidhme acu mar aon leis na ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. Forbraíodh scéimre measúnachta ina bhfuil cúig cinn de ghráid, ó ghrád 1 - comhlíonadh iomlán – go dtí grád 5 - neamh-chomhlíonadh iomlán. Rinneadh rangú eatramhach ar na húdaráis áitiúla bunaithe ar thorthaí na gceistneoirí a scaipeadh. Cuireadh an toradh eatramhach seo ar a súile do na húdaráis áitiúla agus tugadh deis dóibh faisnéis bhreise a chur ar fáil dá mba chuí sin. Rinneadh géilliúlacht na n-údarás áitiúil a dheimhniú freisin ach scrúdú a dhéanamh ar a gcuid suíomhanna gréasáin. Bhain deich gcinn as na 13 údarás áitiúil marc ghrád 3 - comhlíonadh méid áirithe - nó níos airde amach maidir leis an mír faoi fhoilsiú na tuarascála bliantiúla go comhuaineach idir 2018 agus 2022. D’éirigh le Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge an grád is airde - comhlíonadh iomlán - a bhaint amach i leith an dá fhoráil a bhí á n-iniúchadh; sé sin, tuarascálacha bliantiúla agus ráitis airgeadais a fhoilsiú go comhuaineach.
Laige mhór eile a bhíonn le feiceáil sa soláthar a dhéanann comhlachtaí poiblí áirithe is ea an míchruinneas teanga a bhíonn le feiceáil sa soláthar sin. Creidim go gcabhróidh an fhoráil nua a leagann dualgas breise maidir le rialachas corparáideach ar chomhlachtaí poiblí i leith na reachtaíochta teanga trí bhall foirne den bhainistíocht shinsearach a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta le dul i ngleic leis na neamhairt seo in imeacht ama. Mar aon leis an riachtanas i ndáil le síce rialachais na gcomhlachtaí poiblí i leith na reachtaíochta teanga a láidriú, caithfear cur le feasacht na gcomhlachtaí poiblí ar na soláthróirí atá ar fáil go náisiúnta d’fhonn cabhrú le comhlachtaí poiblí cruinneas teanga a chinntiú ina soláthar féin. Is chun ár leasa uile é go mbeadh comhoibriú idir obair na n-áisíneachtaí forbartha teanga agus Gaeltachta, polasaí Rialtais agus ollscoile lena chinntiú go bhfuil dóthain saineolaithe aistriúcháin agus eagarthóireachta ar fáil chun freastal ar na deiseanna breise a eascróidh ó fheidhmiú iomlán an Achta leasaithe.
Is féidir cur le hobair thábhachtach Fhoras na Gaeilge maidir leis an séala creidiúnaithe náisiúnta d’aistritheoirí agus d’eagarthóirí d’fhonn cur leis an soláthar sa réimse seo freisin.
Léiríonn líon agus éagsúlacht na bhfógraí atá le feiceáil agus le cloisteáil anois, de thoradh na forála nua ar fhógraíocht, go bhfuil géarghá le hacmhainní daonna a bhfuil sainscileanna acu, cuir i gcás sa smaointeoireacht chruthaitheach, sa scríbhneoireacht, san aistriúchán, i ndearadh grafaice, in athghuthú, san fhotheidealú agus i léiriú físe trí Ghaeilge. I bhfianaise go bhforordaítear breis agus 500 comhlacht poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, ba chóir an riachtanas atá ann d’áisíneacht náisiúnta chomhairleoireachta teanga a chabhródh leis na comhlachtaí poiblí cruinneas teanga a chinntiú ina gcuid soláthar ar bhonn leanúnach a bhunú agus é sin a fhiosrú.
Léirigh dhá imscrúdú ar An Post agus Comhairle Contae na Gaillimhe an t-easnamh suntasach atá sna dualgais reatha atá ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí ríomhbhunaithe agus idirghníomhacha i nGaeilge a sheachadadh ar líne. Mar a thuairisc mé cheana, tá géarghá go rachaidh córas nua na gcaighdeán teanga i ngleic leis na bearnaí seo maidir le seirbhísí idirghníomhacha ar líne a bheith ar fáil i nGaeilge.
Le dhá bhliain anuas, tá méadú suntasach tagtha ar leibhéal na cumarsáide a bhíonn ag comhlachtaí poiblí le hOifig an Choimisinéara Teanga. Sa bhliain 2023, tháinig oifigigh ón iliomad comhlachtaí poiblí i dteagmháil le m’oifig 381 uair. Is ionann an t-ardú sin agus méadú 33% ar fhigiúr 2022, rud a fhágann go bhfuil ardú 140% tagtha ar chásanna comhairleacha do chomhlachtaí poiblí ó 2021 i leith. Bhain 42% le fiosruithe fógraíochta faoi alt 10A a bhaineann le fógraíocht ag comhlachtaí poiblí, 14% leis an Acht leasaithe agus 44% le cearta teanga agus ábhair eile. Tá m’oifig tar éis infheistíocht mhór a dhéanamh i seimineáir eolais, i bhfeachtais feasachta agus i gcomhfhreagras comhairleach le comhlachtaí poiblí faoin ábhar sin. Mar thoradh ar shainchomhairle agus ar chomhairliúchán leis an earnáil fógraíochta, cuireadh treoir údarásach agus phraiticiúil ar fáil do chomhlachtaí poiblí agus don earnáil fógraíochta maidir leis an bhforáil reachtúil seo a chur i bhfeidhm.
Tá ardú 45% tagtha ar bhuiséad Oifig an Choimisinéara Teanga idir 2020 agus 2024, ó €845,000 go €1,522,000. Mhéadaigh liúntas foirne na hoifige ó naoi go 14 ball foirne idir 2020 agus 2024. Molaim na hAirí Gaeltachta éagsúla agus ardbhainistíocht na Roinne a thacaigh leis na hiarratais chun acmhainní breise a chur ar fáil d’fhorbairt na hoifige. Go dtí seo in 2024 líonadh dhá phost, post nua amháin ar leibhéal ardoifigigh feidhmiúcháin agus aislíonadh poist ag leibhéal oifigigh feidhmiúcháin de thoradh ball foirne a chuaigh ar scor i mí na Samhna 2023. Tá ceithre fholúntas ag an oifig faoi láthair agus tá dúshlán áirithe ag eascairt ón achar ama a thógann sé poist áirithe a líonadh, go háirithe i bhfianaise an ualaigh oibre mhéadaithe ar fhoireann na hoifige de bharr theacht i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021. Tá obair ollmhór á déanamh ag foireann reatha na hoifige le déileáil leis an gclár oibre trom agus dúshlánach atá ar lámh. Is státseirbhísigh ar iasacht ó Roinn na Gaeltachta iad foireann uile na hoifige, cé is moite den Choimisinéir Teanga, a cheapann Uachtarán na hÉireann, le tacaíocht Thithe an Oireachtais ar mholadh an Rialtais. Bíonn an oifig ag brath ar chomórtais phainéil a reáchtálann an Roinn i gcomhar leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus d’fhéadfadh tréimhse bliana nó níos faide a bheith i gceist le poist ar leith a líonadh.
Ábhar suntais go bhfuil cead earcaíochta dá gcuid féin ag oifigí Ombudsman eile in Éirinn a thugann an tsaoirse dóibh a gcuid comórtas earcaíochta féin a reáchtáil. Tá buntáistí ar leith ag baint le socruithe den tsóirt seo lena n-áirítear a bheith in ann sainchritéir a bhaineann le róil ar leith a shonrú sna fógraí d’fholúntais maidir leis na róil seo. Ba chóir breathnú ar shocrú den chineál seo sa chás go bhfuil tréimhsí fada i gceist le folúntais áirithe a líonadh san oifig ar bhonn leanúnach.
Beidh plean forbartha eagraíochtúil á fhoilsiú againn don oifig an bhliain seo chugainn a chuimseoidh riachtanais fhoirne agus oibríochta meántéarmacha na hoifige don tréimhse 2025 go 2028. Tréimhse fhíorthábhachtach a bheidh sna trí bliana ó 2025 go 2028 mar go mbeidh an oifig ag tabhairt aghaidh ar an ualach oibre a eascróidh ó na forálacha reachtúla nua atá le teacht i bhfeidhm go fóill, agus ó thaobh monatóireachta a dhéanamh ar fheidhmiú na forála 20% d’earcaithe le Gaeilge, ar na caighdeáin teanga nua agus ar an bplean náisiúnta trí chéile.
Is tréimhse chinniúnach a bheidh sna blianta beaga seo romhainn ar mhaithe le cearta teanga phobal na Gaeilge a threisiú ach feabhas as cuimse a theacht ar chaighdeán na seirbhísí poiblí atá ar fáil don phobal trí Ghaeilge. Mar Choimisinéir Teanga, feicim deiseanna nach bhfacthas a leithéid cheana chun sineirgíocht a chothú idir bearta suntasacha de shraith straitéisí an Stáit i dtaca leis an nGaeilge a chur chun cinn go náisiúnta. Is bearta suntasacha de shraith straitéisí an Stáit iad Acht na Gaeltachta, 2012, a chuir an próiseas pleanála teanga ar bhonn reachtúil ar mhaithe le buanú na Gaeilge mar phríomhtheanga phobail sa Ghaeltacht, agus Achtanna 2003 agus 2021, a láidríonn cearta teanga an phobail. Ní mór athshamhlú agus athchumrú a dhéanamh ar sheachadadh seirbhísí poiblí an Stáit trí Ghaeilge. Is den bhunriachtanas é go mbeadh éascaíocht agus mealltacht ag baint le rochtain ar sheirbhísí poiblí do phobal labhartha na Gaeilge. Mar aon le dlús criticiúil foirne le Gaeilge i gcomhlachtaí poiblí ionas go gcuirfidh an pobal teanga muinín i seachadadh seirbhísí poiblí, tá rochtain ar na seirbhísí chomh tábhachtach céanna.
Tá deiseanna ar leith trína bhféadfadh an próiseas pleanála teanga agus an reachtaíocht teanga teacht aníos le réitigh shamhlaíocha trína mbeidh freastal i bhfad níos fearr á dhéanamh ag an Stát ar phobal na Gaeilge. Tá bonneagar náisiúnta pleanála teanga á fhorbairt trí na limistéir phleanála teanga, líonraí agus bailte seirbhíse Gaeltachta a mba chóir a úsáid le rochtain i bhfad níos fearr a éascú don phobal teanga ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge. Má shamhlaítear moil nó campais ilfhreastail a mbeadh lonnaíocht láidir iontu ó thaobh foirne na gcomhlachtaí poiblí a bheadh ag seachadadh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge, tógfadh a leithéid de champais ar an mbonneagar oideachais, teicneolaíochta, sealbhaithe agus buanaithe teanga atá sa nGaeltacht cheana. Chothófaí dlús sa raon seirbhísí poiblí, dlús sa bpobal foirne a bheadh ag seachadadh na seirbhísí agus dlús san éileamh ón bpobal teanga lena leithéid de shamhail seachadta seirbhísí poiblí. Luíodh an forás seo isteach go huile agus go hiomlán leis na forálacha nua atá san Acht leasaithe freisin go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre in oifigí na gcomhlachtaí poiblí sa Ghaeltacht ó dháta a fhorordóidh Aire na Gaeltachta.
Mar fhocal scoir, gabhaim buíochas leis an bpobal agus na comhlachtaí poiblí as a gcomhar agus a gcúirtéis sa déileáil a bhíonn agam féin agus ag foireann na hoifige leo.
Táim thar a bheith buíoch freisin den chomhchoiste as a n-airdeall seasta ar cheisteanna a bhaineann le láidriú chearta teanga na Gaeilge lena chinntiú go mbeidh cothrom na Féinne á fháil ag an bpobal teanga. Go raibh míle maith agaibh as ucht bhur n-éisteacht.