Is gnáthchruinniú é seo atá ar siúl i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais, áit a bhfuil gné fhíorúil Microsoft Teams má tá aon chomhalta nó aon bhall de Thithe an Oireachtais ag teacht isteach sa bhealach sin. Níl aon fhinné ar Microsoft Teams inniu.
Táimid ag déanamh ár mbreathnú ar cur chuige an Stáit i gcur chun cinn chóras Gaeloideachais atá réamhghníomhach agus atá oiriúnach don fheidhm a bhaineann leis. Tá an tAire Oideachais, an Teachta Norma Foley, anseo leis an bhfoireann ar fad. Léifidh mé amach ainmneacha na bhfinnéithe. Ón Roinn Oideachais tá Tomás Ó Ruairc, rúnaí cúnta, Áine Cusack, príomhoifigeach san aonad pleanála agus tógála, Lisa Nic Dhoinnléibhe, príomhoifigeach san aonad um oideachas Gaeltachta, Brendan Doody, príomhoifigeach i riachtanais speisialta oideachais, an chigireacht, agus Evelyn O'Connor, príomhoifigeach sa rannóg um beartais churaclaim agus measúnachta.
Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad anseo i seomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.
Tá na rialacha ar eolas ag gach duine, ach chun a mheabhrú do dhaoine, fiafraítear d'fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear díobh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.
Sula n-iarraim ar an Aire a ráiteas tosaigh a dhéanamh, ba mhaith liom cúpla focal a rá. Mar is eol don Aire, tá an-suim ag an gcoiste seo i gcúrsaí Gaeloideachais, sna heaspaí atá ann sa soláthar nó san infhaighteacht timpeall na tíre agus sa chaighdeán atá ar fáil i múinteoireacht na Gaeilge timpeall na tíre. Tá buairt orainn agus táimid tar éis a bheith ag cíoradh ceist an oideachais trí Ghaeilge nó i leith na Gaeilge le tamall de bhliain anuas. Tá sé i gceist againn tuairisc a dhéanamh bunaithe ar an méid atá cloiste againn roimhe seo agus ar an méid atá le cloisteáil againn inniu. Beidh roinnt ceisteanna agam féin agus beidh Teachtaí eile ag cur ceisteanna. Gabhaim buíochas leis an Aire as a bheith i láthair. Tugaim cuireadh di a ráiteas tosaigh a thabhairt.