Tá an cruinniú seo ar siúl mar ghnáthchruinniú i seomra coiste 4 i dTithe an Oireachtais, cé go bhfuil gné fhíorúil ar Microsoft Teams mar chuid de. Tá ceithre chomhalta ar a laghad i láthair sa seomra coiste nó ar líne, Teachta Dála agus Seanadóir san áireamh. Is iad siúd atá i láthair sa seomra coiste ná an Seanadóir Seán Kyne, na Teachtaí Mairéad Farrell agus Catherine Connolly agus mé féin. Feicim go bhfuil na Teachtaí Marc Ó Cathasaigh, Aindrias Ó Muimhneacháin agus Éamon Ó Cuív ar líne.
Sa chéad seisiún inniu, déanfaimid ár mbreathnú ar an mbunriachtanas atá ann go mbeadh Gaeilge agus Béarla líofa feidhmiúil ag stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna a dtagann scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí faoina gcúram le hionadaithe ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann, ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin, ó Ghaeloideachas agus ó Chomhdháil Oileáin na hÉireann. Ina dhiaidh sin, pléifimid an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát le hionadaithe ó SEALBHÚ. Leanfaidh an cruinniú ina iomláine ar aghaidh go dtí 4.30 p.m., más gá. Níl aon leithscéal faighte againn.
Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an chomhchoiste, roimh chomhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú, roimh ár lucht féachana ón taobh amuigh agus, dar ndóigh, roimh ár bhfinnéithe. Is é an chéad ábhar a bheidh á phlé againn ná an bunriachtanas atá ann go mbeadh Gaeilge agus Béarla líofa feidhmiúil ag stiúrthóirí na mbord oideachais agus oiliúna a dtagann scoileanna Gaeltachta, Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí faoina gcúram. Fearaim fáilte roimh na finnéithe seo a leanas atá anseo thar ceann Chomhdháil Oileáin na hÉireann: Chloé Ní Mháille, oifigeach caidrimh phoiblí ó Inis Oírr; Pádraig Ó Foghlú ó Inis Meáin; Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh ó Árainn Mhór; agus Marjorie Uí Chearbhaill ó Oileán Thoraí.
Go bhfios dom, beidh siadsan, Marjorie Uí Chearbhaill agus Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, ag teacht isteach ar líne. Chomh maith leis sin, tá David Leahy, príomhfheidhmeannach, mar ionadaí thar ceann Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin. Tá Bláthnaid Ní Ghréacháin, ardfheidhmeannach, agus Dónal Ó hAiniféin, iar-uachtarán, mar ionadaithe thar cheann Ghaeloideachas. Tá príomhfheidhmeannach Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall agus cathaoirleach Fhóram na bPríomhfheidhmeannach, Annie McHugh, mar ionadaí thar ceann Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann. Cuirim fáilte rompu ar fad. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais ach amháin Marjorie Uí Chearbhaill agus Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, a bheidh ag freastal ó chian thar Microsoft Teams.
Sula leanfaimid ar aghaidh, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na bhfinnéithe agus comhaltaí uilig. Meabhraím dóibh a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Nuair atá siad ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseán a bheith ar siúl an t-am go léir a bhfuil siad ag labhairt agus iad féin le feiscint ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil. Chomh maith leis sin, ba chóir dóibh a chinntiú go mbeidh na micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad féin ag labhairt leis an gcruinniú.
Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu, ach is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó lasmuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus fianaise á tabhairt acu. Má ordaím dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéanfaidh siad amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé againn. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.
Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordóidh mé dóibh éirí as an ráiteas láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.
Is iad sin na rialacha. Glacaim leis nach bhfuil fadhb ag aon duine leo so is féidir liom tús a chur leis seo. Ar dtús báire, tá Chloé Ní Mháille chun ráiteas tosaigh a dhéanamh thar ceann Chomhdháil Oileáin na hÉireann.