Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Gabhann SEALBHÚ, lárionad taighde DCU um fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge, buíochas le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge as an deis seo a thabhairt dúinn a bheith ina láthair inniu leis an ábhar ríthábhachtach seo a phlé, is é sin, an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát. Aithnítear sa taighde idirnáisiúnta gurb é an tumoideachas an múnla oideachasúil is rathúla d’fhoghlaimeoirí le hinniúlacht a bhaint amach sa dara teanga i gcás mionteangacha ar nós na Gaeilge. Forbraíonn foghlaimeoirí tumoideachais ardchaighdeán sa sprioctheanga agus ní bhíonn siad faoi aon mhíbhuntáiste ó thaobh na mórtheanga nó fhoghlaim ábhair eile an churaclaim de nuair a chuirtear i gcomparáid lena bpiaraí a fhreastalaíonn ar ghnáthchláir oideachasúla iad. Tá buntáistí cultúrtha, cognaíocha, sóisialta, teangeolaíochta, mothúchánacha agus oideachasúla ag baint leis an tumoideachas agus leis an ilteangachas. Molann muid gur cheart agus gur chóir go mbeadh rochtain ag gach páiste a théann ar scoil in Éirinn ar bhuntáistí an tumoideachais lán-Ghaeilge.
Tá sé cruthaithe go soiléir sa taighde idirnáisiúnta go bhfuil an tumoideachas lán-oiriúnach do pháistí a thagann ó chúlraí éagsúla teanga agus cultúrtha agus do pháistí ó chúlra éagsúla socheacnamaíochta. Tá sé léirithe chomh maith go bhfuil an tumoideachas oiriúnach do pháistí a bhfuil riachtanas oideachais sa bhreis acu. Ní d’aon ghrúpa ar leith é an tumoideachas; is linne ar fad é. Molann muid go mbeadh an tumoideachas lán-Ghaeilge mar rogha ag gach clann in Éirinn agus mar rogha acu ag gach leibhéal oideachais.
Is é an t-oideachas lán-Ghaeilge an cur chuige oideachasúil is éifeachtaí lena chinntiú go mbeidh cainteoirí líofa Gaeilge sa tír a thabharfaidh bunús do chaomhnú agus d’athbheochan na teanga. Cé nach leor an Ghaelscolaíocht amháin leis na haidhmeanna seo a bhaint amach, is toisc riachtanach í. Cuireann an Ghaelscolaíocht deiseanna sealbhaithe teanga ar fáil sa Ghaeilge nach mbíonn ar fáil d’fhoghlaimeoirí i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Is í an Ghaeilge céad teanga oifigiúil an Stáit agus molann muid go mbeadh ceart dlíthiúil ag páistí freastal ar scoil lán-Ghaeilge más mian lena dtuismitheoirí nó lena gcaomhnóirí é.
Rinne SEALBHÚ anailís ar na torthaí a bailíodh ón gcomhairliúchán poiblí maidir le polasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Rinneamar anailís chomh maith ar sholáthar an tumoideachais trí mhionteangacha i ndeich ndlínse eile. Rinneadh anailís ar bhreis is 5,400 ceistneoir, 159 aighneacht scríofa agus 25 grúpa fócais ina raibh 308 duine páirteach. Ghlac páirtithe leasmhara a d’áirigh eagrais, oideachasóirí, tuismitheoirí agus scoláirí, páirt sa chomhairliúchán. Léiríonn an t-ardleibhéal rannpháirtíochta sa chomhairliúchán tiomantas an phobail don oideachas lán-Ghaeilge. Is é an toradh is suntasaí a eascraíonn ón anailís ar an gcomhairliúchán poiblí ná go bhfuil easpa soláthair sa Stát don oideachas lán-Ghaeilge agus nach bhfuil an soláthar, mar atá ann faoi láthair, ag freagairt d’éileamh an phobail nó do chearta teanga agus cearta oideachasúla an phobail.
Tá torthaí sna doiciméid chomhairliúchán a léiríonn go bhfuil ganntanas soláthair ag gach leibhéal oideachais. Tá bearna iomlán in oideachas agus i gcúram na luath-óige faoi láthair toisc nach bhfuil seirbhísí oideachais agus cúraim na luath-óige ar feadh lae ar fáil trí Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl an réamhscolaíocht trí Ghaeilge mar rogha ag mórchuid de theaghlaigh. Léirigh céatadán ard de thuismitheoirí, is é sin, breis is 50%, a raibh a bpáistí ag freastal ar bhunscoil mheán-Bhéarla, i dtorthaí an cheistneora go gcuirfidís a bpáistí chuig scoil lán-Ghaeilge dá mbeadh an rogha sin ar fáil dóibh. Taispeánadh freisin gurb í an phríomhchúis nach raibh páistí ag aistriú ó bhunscoil lán-Ghaeilge go hiarbhunscoil lán-Ghaeilge ná mar gheall nach raibh rochtain acu ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge. Léirigh 86% de fhreagróirí an cheistneora gur chóir go gcuirfeadh an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge go suntasach leis na deiseanna atá ag scoláirí a gcuid oideachais a fháil trí mheán na Gaeilge.
Bíonn roghanna eile cláir chomhtháite ábhar agus teangacha ar fáil i ndlínsí eile go hidirnáisiúnta a thugann roghanna éagsúla d’fhoghlaimeoirí ábhair a fhoghlaim trí theanga bhreise. Is léir ón taighde, áfach, nach bhfuil na roghanna eile seo bealach ar bith chomh rathúil is atá an tumoideachas le teanga a shealbhú nó le pobal teanga a chruthú. Ní hionann na cláir chomhtháite ábhar agus teangacha agus córas an tumoideachais. Léiríonn na torthaí ón gcomhairliúchán chomh maith go dteastaíonn scoileanna saor-sheasaimh ón bpobal le haidhmeanna agus le buntáistí an tumoideachais a bhaint amach. Moladh go láidir freisin go bhfuil géarghá le tacú le teagasc na Gaeilge sa chóras trí chéile.
Molann muid go láidir go leagfaí plean síos ina mbeadh spriocanna cinnte le baint amach faoi cheangal ama lena chinntiú go mbeadh an t-oideachas lán-Ghaeilge mar rogha ag gach clann ag gach leibhéal an oideachais, is é sin, cúraim na luath-óige, leibhéal na bunscoile, na hiar-bhunscoile agus ag an tríú leibhéal. Bíonn tionchar ag rannpháirtíocht an phobail ag céim amháin ar an gcéad chéim eile agus mar sin, is gá go mbeadh leanúnachas agus fís cheart don tumoideachas tríd an gcóras ó thús deireadh. Léirigh moltaí ón gcomhairliúchán gur gá a chinntiú go mbeadh na hionaid lán-Ghaeilge ar fad bunaithe i bhfoirgnimh chearta ina mbeadh na hacmhainní foirne, teagaisc agus foghlama cuí curtha ar fáil. Is gá tacaíochtaí a chur ar fáil do pháistí a bhfuil riachtanais oideachais sa bhreis acu sa chóras lán-Ghaeilge.
Is gá go mbeadh na suímh lán-Ghaeilge ionchuimsitheach, ilchreidmheach, ilteangach, ilchultúrtha agus fáilteach do chách. Cruthaíonn an barraíocht éilimh atá ar an nGaelscolaíocht faoi láthair íomhá éilíteach den Ghaelscolaíocht. Is íomhá é seo den Ghaelscolaíocht nach bhfuil ceart nó cruinn.
An deacracht is mó atá ann ná nach bhfuil a dhóthain scoileanna ann. Is dúshlán é seo a chruthaíonn barraíocht éilimh. I gcásanna áirithe, tá seans nach mbacfadh tuismitheoirí go fiú le háit a lorg i scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí mar gheall ar an nganntanas spásanna.
Mar chuid de pholasaí a fhorbairt don oideachas lán-Ghaeilge, moladh sa chomhairliúchán go mbeadh feachtas feasachta mar dhlúthchuid de. Is gá a fhógairt go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge fáilteach do chách agus eolas faoi bhuntáistí an tumoideachais agus an ilteangachais a roinnt leis an bpobal. Is gá a fhógairt go soiléir nach gá go mbeidh Gaeilge ag tuismitheoirí nó caomhnóirí le go mbainfidh a bpáistí leas as an tumoideachas. Is í an príomhbhuairt a léirigh tuismitheoirí sa chomhairliúchán nár roghnaigh an tumoideachas dá gcuid páistí ná nach raibh Gaeilge acu nó nach raibh siad sách muiníneach as a gcuid Gaeilge.
Tá moltaí praiticiúla sna doiciméid comhairliúchán maidir le próiseas aistrithe scoileanna ó scoileanna meán-Bhéarla go scoileanna lán-Ghaeilge gur fiú a iniúchadh. Tá moltaí ann chomh maith maidir le hoideachas múinteoirí a bheidh mar chuid riachtanach d’fhorbairt sholáthair an tumoideachais. Moltar ach go háirithe breathnú ar chás na Breataine Bige agus ar phobal neamhspleách na mBascach mar dhea-eiseamláirí de sholáthar an tumoideachais. Bheadh sé inmholta ceangal a dhéanamh idir na leibhéil oideachais agus ceangal a dhéanamh idir na suíomhanna lán-Ghaeilge agus an pobal teanga taobh amuigh den scoil. Is fadhb í an t-easpa soláthair don oideachas lán-Ghaeilge a shéanann an t-oideachas lán-Ghaeilge ó mhórchuid na bhfoghlaimeoirí sa stát. Tá líon na bhfoghlaimeoirí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge tite den chéad uair le 50 bliain. Impíonn muid ar an rialtas aghaidh a thabhairt ar sholáthar an oideachais lán-Ghaeilge ar bhonn práinne.