Táim an-sásta a bheith anseo inniu mar chuid den toscaireacht seo leis An Plean Fáis: Plean Infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029 a chur os comhair an choiste. Beidh mé ag caint ar son an mheitheal náisiúnta pleanála teanga agus ag roinnt mo shaineolas agus mé mar oifigeach pleanála teanga i mbaile seirbhíse Gaeltachta an Chlocháin Léith i nDún na nGall. Beidh mise ag díriú go háirithe ar cheist na pleanála teanga agus ar an infheistíocht atá ag teastáil le cinntiú go mbeidh borradh agus fás ar úsáid na Gaeilge sa phobal.
Tá an easpa chothrom na Féinne nó an easpa uaillmhéine sa mhaoiniú a cuireadh ar fáil thar na blianta tar éis cultúr a chothú sna tionscadail a mhaoinítear go mbíonn méid róbheag curtha ar fáil go minic in áit maoiniú sásúil a bheith curtha ar fáil de réir mhianta an phobail agus na n-údarás éagsúil. Tabharfaidh mé roinnt samplaí.
Nuair a cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga, cuireadh ceist ar na coistí a bhí ag cur na pleananna teanga le chéile a bheith uaillmhianach agus chuir siad pleananna le chéile a mbeadh €300,000 go dtí €400,000 sa bhliain ag teastáil chun iad a mhaoiniú. Faraor, níor cuireadh ach idir €100,000 agus €150,000 ar fáil dúinn leis na pleananna a chur i bhfeidhm, rud nár chuir riachtanais shainiúla áitiúla ar fad san áireamh.
Eagraítear an scéim forbartha líonra Gaeilge, SFLG, de chuid Fhoras na Gaeilge le €45,000 a chur ar fáil do gach grúpa a n-éiríonn leis an scéim a bhaint amach. Nuair a cuireadh an chéad leagan den scéim seo ar bun, bhí beirt fostaithe le buiséad de thart ar €80,000 ar fáil dóibh. Is mór an laghdú atá tagtha ar an mbuiséad sin ó shin agus anois ní chlúdaíonn an maoiniú seo ach an tuarastal don chuid is mó. I gcás cúpla grúpa, ní chlúdaíonn sé fiú an méid sin. Is é €80,000 an méid is lú a chuirtear ar fáil do ghrúpaí ag gníomhú ar an bpleanáil teanga le líonra, baile seirbhíse Gaeltachta nó plean teanga Gaeltachta a fhorbairt. Tá an-difir idir an méid maoinithe seo agus an méid a chuirtear ar fáil d'aon ghrúpa leis an SFLG.
Cé go bhfuair TG4 arduithe suntasacha ar a bhuiséad le déanaí, tá sé ag feidhmiú ar leath an bhuiséid is atá ag S4C sa Bhreatain Bheag.
Léiríonn sé seo an bonn íseal ar a thosaigh an stáisiún.
Tá easpa cothrom na Féinne le feiceáil i gcás Údarás na Gaeltachta ó thaobh maoinithe de. Tá buiséad caipitil an údaráis laghduithe ó €25.5 milliún in 2008 go €14.5 mhilliún in 2021 agus níl buiséad caipiteal an údaráis tar éis athrú ó shin in ainneoin na rátaí boilscithe ar thionscadail chaipitil sa Ghaeltacht ag ardú. Is ionann é sin agus ísliú de 43%. Ardaíodh buiséad an IDA 66% agus buiséad Fhiontraíocht Éireann 30% sa tréimhse chéanna. Tá srian ar chumas an údaráis fostaíocht úr a chruthú agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar gnó toisc easpa maoinithe.
Dar ndóigh, tá dlúthbhaint idir fostaíocht sa Ghaeltacht agus inmharthanacht na Gaeltachta. Caithfidh caomhnú agus cur chun cinn na Gaeilge a chur i gcroílár ghníomhaíochtaí an údaráis. Tá 26 limistéar pleanála teanga ann anois agus tá gá le maoiniú mar is ceart a chur ar fáil do na pobail atá i mbun pleanála teanga sna limistéir sin má tá chun éirí leo leis an bpleanáil sin. Mar gheall air sin, tá gá le maoiniú breise a chur ar fáil don údarás ionas gur féidir na hacmhainní riachtanacha a roinnt ar gach limistéar pleanála teanga.
Tá moltaí ríthábhachtacha i measc na dtionscadal luaite sa phlean fáis le maoiniú as an €200 milliún sa bhreis a luaigh Julian de Spáinn roimhe seo. Moltar go gcuirfear maoiniú ar fáil do cheathrar ball foirne i ngach limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht. Bheadh an t-oifigeach pleanála teanga mar bhainisteoir ar an triúr eile. Is iad an triúr eile molta ná oifigeach cúnta agus cumarsáide, oifigeach óige, agus oifigeach seirbhísí agus fiontraíochta. Moltar chomh maith go mbeidh na fostaithe seo ar fad ceangailte le scálaí pá na hearnála phoiblí ar leibhéil sásúla. Moltar go gcuirfear maoiniú breise ar fáil do gach ceann de na 16 baile seirbhíse Gaeltachta le hoifigeach breise a fhostú le díriú go háirithe ar chumarsáid, taighde agus eile a chuideoidh le spriocanna an phlean teanga a bhaint amach agus a rachaidh i bhfeidhm ar an bpobal ina gceantar.
Tá obair na gcomharchumann Gaeltachta lárnach i gcosaint, i bhforbairt agus i gcomhordú seirbhísí do na pobail Ghaeltachta. Ní hamháin sin, ach tá na comharchumainn tar éis glacadh le freagrachtaí breise le cúpla bliain anuas maidir leis an bpleanáil teanga. Is gá a chinntiú go n-íocfar bainisteoirí na gcomharchumann ar leibhéal atá cothrom agus tarraingteach, agus a choinneoidh na bainisteoirí sna poist. Moltar go mbeidh leibhéal tuarastal bainisteoirí na gcomharchumann ar a laghad ag leibhéal ard-oifigeach feidhmiúcháin san earnáil phoiblí. Chomh maith leis sin, moltar go mbeidh leas-bhainisteoir ceaptha i ngach comharchumann.
Mar a mholadh in 2007 sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, ba chóir go mbeadh an scéim thábhachtach, scéim labhairt na Gaeilge, ar fáil do theaghlaigh sa Ghaeltacht athuair.
Ba chóir go mbeadh comhordú déanta ar an bpleanáil agus na gníomhartha le tacú agus cur leis an líon teaghlaigh sa Ghaeltacht i ngach limistéar pleanála teanga Gaeltachta. Tá sé seo indéanta
trí oifigigh theaghlaigh a lonnú i ngach limistéar. Is maith a fheiceáil an fás atá le teacht ar fhoireann Thuismitheoirí na Gaeltachta go luath, ach caithfear a chinntiú go mbeidh oifigeach i ngach limistéir pleanála teanga. Moltar go mbeidh maoiniú sa bhreis curtha ar fáil do Mhuintearas, Ógras agus grúpaí eile le tacaíocht agus tionscadail éagsúla a chur chun cinn sna limistéir phleanála teanga a spreagann daoine óga agus a fhreastalaíonn ar a mianta.
Tá na coláistí samhraidh ar cheann de na tionscadail teanga agus eacnamaíochta is tábhachtaí agus is fadbhunaithe sa Ghaeltacht. Tá go leor dúshlán tar éis teacht chun cinn le cúpla bliain anuas agus is gá tabhairt fúthu agus iad a réiteach le straitéis do na coláistí samhraidh, faoi mar atá lorgtha ag Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile le tamall anuas.
I measc na moltaí eile, moltar an deontas laethúil i scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge a ardú go €20 an dalta in aghaidh an lae lá faoi 2029. Moltar ciste caipitil an údaráis a ardú go dtí an leibhéal ar a raibh sé in 2008, is é sin, €25 milliúin faoi 2026. Tá €10 milliúin sa bhliain molta le huasghrádú agus athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh reatha. Leis an maoiniú breise seo, bheadh deis ag an údarás níos mó ná 6,000 post breise a chruthú leis an mbéim ar fhostaíocht teanga lárnaithe.
Lasmuigh den Ghaeltacht, tá na moltaí seo againn i measc na moltaí sa phlean fáis. Sa scéim forbartha líonraí Gaeilge, moltar go mbeadh €100,000 ag gach grúpa le scéim ar ardchéim nó ar mheánchéim ó 2025 ar aghaidh le cinntiú go mbeidh siad in ann oifigeach breise a fhostú le díriú go speisialta ar chúrsaí óige, teaghlaigh nó spóirt, nó réimse eile a bhfuil an grúpa ag iarraidh díriú air mar thosaíocht. Bheadh breis maoinithe ann dóibh chomh maith le cabhrú lena gclár oibre a bhur i bhfeidhm. Chomh maith leis sin, ba chóir go mbeadh ar a laghad deich ngrúpa eile sa bhreis ar na leibhéil seo leis an maoiniú cuí ó 2025 agus ó 2029 ar aghaidh.
Moltar go gcuirfear maoiniú breise ar fáil do gach ceann den chúig líonra Gaeilge le hoifigeach breise a fhostú le díriú ar chumarsáid, taighde agus eile a chabhróidh le spriocanna an phlean teanga a
bhaint amach agus a rachaidh i bhfeidhm ar an bpobal ina gceantar. In 2025 agus in 2029, ba chóir go mbeadh maoiniú ar fáil do deich líonra Gaeilge úr eile. Moltar go mbeadh foireann ann, nó institiúid taighde agus pleanála Gaeilge a bhunú chun measúnú leanúnach a dhéanamh ar an bpleanáil teanga. Moltar go mbeidh an tacaíocht chuí curtha ar fáil do gach limistéar pleanála teanga le cinntiú go mbeidh sé seo ar siúl acu chomh maith. Ní hamháin go dtabharfadh maoiniú na spriocanna luaite agam borradh agus spreagadh don teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, ach thabharfadh sé aitheantas agus an tacaíocht cuí don phobal Gaeilge agus Gaeltachta atá i mbun oibre ríthábhachtaí leis an teanga a chaomhnú, a chosaint agus a chur chun cinn leis an gcéad glúin eile. Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste.