Táimid an-bhuíoch as an deis a fháil teacht os comhair an Chathaoirligh, na dTeachtaí agus na Seanadóirí inniu agus cur síos a dhéanamh ar an ábhar tábhachtach seo, is é sin, feidhmiú an phróisis pleanála teanga sa Ghaeltacht. Díreoidh mé mo chuid cainte inniu ar roinnt téamaí a bhaineann le feidhmiú an phróisis, an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus cá bhfuil ár dtriail.
Is é caomhnú agus láidriú na Gaeilge mar theanga bheo agus mar phríomhtheanga phobail na Gaeltachta an bunchuspóir atá le polasaithe agus gníomhaíochtaí Údarás na Gaeltachta. Tá ról ar leith leagtha síos don údarás in Acht na Gaeltachta, 2012 maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030. Chuige sin, tá sé freagrach as an bpróiseas pleanála teanga a stiúradh, a chomhordú agus a riaradh sa Ghaeltacht.
Tá an próiseas pleanála teanga fréamhaithe sa chleachtas go bhfuil ról lárnach ag na pobail Ghaeltachta i gcur chun cinn na Gaeilge mar theanga labhartha phobail ina gceantair féin. Faoin gcur chuige sin atá in áit, tacaíonn Údarás na Gaeltachta le ceanneagraíochtaí atá aitheanta agus ionadaíoch don phobal le plean teanga seacht mbliana a ullmhú i ndiaidh dul i gcomhairle leis an bpobal. Is faoin Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán atá sé an plean teanga, a bhfuil mar chuspóir leis úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, a fhaomhadh. Cruthaíonn an cur chuige seo páirtnéireacht idir an Stát agus na pobail aonaracha in ullmhú, aontú agus feidhmiú plean teanga. Tacaíonn rannóg pleanála teanga an údaráis leis na pobail le linn chuile chéim d’ullmhú agus feidhmiú an phlean teanga.
Gabh mo leithscéal. Is léir gur comhartha aoise é go gcaithfidh mé na spéaclaí a chur orm. Cuireadh tús le feidhmiú na chéad phleananna teanga in 2018 agus táthar ag staid anois go bhfuil pleananna teanga á bhfeidhmiú i 26 limistéar pleanála teanga agus in dhá cheann de na bailte seirbhíse Gaeltachta atá sainaitheanta sa Ghaeltacht. Tá 35 post mar oifigeach pleanála teanga ceangailte leis na pleananna teanga sin agus tá buiséad bliantúil de €3.9 milliún á íoc le tacú leis na ceanneagraíochtaí na pleananna teanga atá ceadaithe dá gceantair a fheidhmiú. Níl aon amhras ach go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta i réimse na pleanála teanga in imeacht tréimhse ghearr ama. Is díol mórtais don údarás dua agus díograis na n-oifigeach pleanála teanga, na gceanneagraíochtaí pleanála teanga agus na gcoistí stiúrtha pleanála teanga as an lorg dearfach atá a gcuid oibre ag fágáil ar fud na Gaeltachta.
Tá cuid de na pobail Ghaeltachta lonnaithe i gceantair ina bhfuil úsáid fhorleathan á bhaint as an Ghaeilge agus tá cinn eile atá ar bhonn níos laige. Tá sé de bhuntáiste leis an bpróiseas pleanála teanga nach bhfuiltear ag brath ar an gcur chuige céanna agus go gcuirtear san áireamh an éagsúlacht mhór a bhaineann leis na ceantair Ghaeltachta agus na pleananna teanga á n-ullmhú. Ag leibhéal an phobail, cuidíonn an próiseas pleanála teanga le húsáid ghníomhach na Gaeilge a chur chun cinn trí, mar shampla, beocht agus dlús a chur le gníomhaíochtaí teangabhunaithe tríd an iliomad feachtais - tá suas le 1,000 duine ag freastal ar ranganna Gaeilge ar fud na Gaeltachta - agus imeachtaí atá á n-eagrú agus á reáchtáil ag na ceanneagraíochtaí pleanála teanga, cuir i gcás na ranganna TEG atá ann i gceantair ar fud na tíre. Is sampla eile é deiseanna nua foghlamtha agus úsáidte a chruthú, ag tapú deiseanna nuatheicneolaíochta ach go háirithe. Sa chás sin, cuirim i gcás an obair atá ar siúl againn le hintleacht shaorga agus muid ag iarraidh feabhas a chur ar sheirbhísí don phobal. Chomh maith leis sin, tá méadú á dhéanamh ar fheiceálacht agus stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá 60 gnó sa Daingean tar éis gradaim a bhaint amach ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge sa cheantar sin. Anuas air sin, cuidíonn an próiseas le húsáid na Gaeilge a dhaingniú i saol an phobail agus le cur le feasacht teanga ag gach leibhéal den phobal. Tá an fheasacht sin feiceálach os comhair an phobail i bhféilte áitiúla agus rudaí den sórt sin.
Ní fheidhmíonn an próiseas pleanála teanga i bhfolús agus tá sé le feiceáil go bhfuil infheistíochtaí breise déanta ag an Stát in earnáil na Gaeilge ó chuireadh tús leis an bpróiseas. Tá maoiniú breise curtha ar fáil d’eagraíochtaí atá mar chrann taca don phróiseas pleanála teanga agus a oibríonn go comhthreomhar leis ar mhaithe leis na cuspóirí céanna a bhaint amach. San áireamh anseo, tá an t-údarás, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta, Muintearas, Ealaín na Gaeltachta agus araile. Tá níos mó comhoibriú agus comhordú ag tarlú ag leibhéal áitiúil agus ag leibhéal an phobail dá bharr. Tá fíorthábhacht leis sin.
Fáiltíonn muid roimh an athbhreithniú atá á dhéanamh ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi láthair ar fheidhmiú an phróiseas pleanála teanga i ndeich limistéar pleanála teanga. Tá an t-údarás ag súil le bheith ag obair le feidhmeannaigh na Roinne agus le ceanneagraíochtaí na n-oifigigh phleanála teanga leis na moltaí a thiocfaidh as an athbhreithniú sin a chur i bhfeidhm chun leasa an phróisis trí chéile. Tá an t-údarás ag teacht le chéile leis an Roinn ar bhonn leanúnach ag iarraidh an obair sin a bhrú chun cinn. Is léir go n-aithníonn an Roinn an dúshlán atá ann agus go bhfuil céimeanna dearfacha á dtógáil ina leith.
Is tréimhse seacht mbliana atá ceangailte le gach plean teanga, mar atá leagtha síos in Acht na Gaeltachta. Tá 70% de na limistéir phleanála teanga a bhfuil cúig bliana nó níos mó imithe ó tosaíodh ag feidhmiú pleananna teanga sna ceantair sin. Tá ocht limistéar a bheidh sa seachtú bliain fheidhmiúcháin faoi dheireadh na bliana seo. Tá go leor éiginnteacht i gceist do na pobail mar nach bhfuil na chéad chéimeanna eile iomlán soiléir dóibh ag an bpointe seo. Cruthaíonn an éiginnteacht a dhúshláin féin ó thaobh cúrsaí pleanáil oibre, earcaíochta, síorathrú foirne, spreagadh pobail agus leanúnachas ó thaobh cur chuige de. Tá géarghá le gníomhú go luath chun an easpa soiléireachta agus an éiginnteacht a bhaineann leis an bpróiseas sa Ghaeltacht a mhaolú, go háirithe dóibh siúd a bhfuil deireadh ag teacht le tréimhse feidhme a gcéad phleananna teanga.
Ach oiread le mórán teangacha mionlaigh eile, bhí agus tá an Ghaeilge faoi bhrú leanúnach. Léiríonn torthaí na ndaonáireamh in 2022 agus 2016 staid leochaileach na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá sé soiléir go bhfuil úsáid laethúil agus rialta na Gaeilge i ngnáthshaol an phobail ag pointe criticiúil. Is údar imní é an dlús íseal daonra de 20,261 a labhraíonn an teanga go laethúil sa Ghaeltacht, mar atá leagtha amach sa daonáireamh, cé go ndúirt 45,880 duine go bhfuil cumas maith nó an-mhaith acu. Tá an iliomad fachtóirí agus dúshlán ag imirt tionchair ar úsáid na Gaeilge agus ar bheocht na teanga. Ina measc sin, tá athruithe déimeagrafacha, fachtóirí eacnamaíocha, an bhrú ón mBéarla, an domhandú cultúrtha, tionchar na teicneolaíochta agus na meáin dhigiteacha. Níl sé cuí áfach go bhféachfaí ar thorthaí an daonáirimh astu féin mar mheasúnú ar thionchar an phróiseas pleanála teanga. Sa bhreis air sin ar fad, níl an próiseas pleanála teanga fiú deich mbliana ar an bhfód go fóill.
Ní féidir a bheith ag súil go mbeidh pobal na Gaeltachta agus pobal labhartha na Gaeilge in ann an taoide a chasadh gan beartais láidre teangadhírithe atá tiomanta ar bhealach comhordaithe ag an Stát. Éilíonn próiseas rathúil beartais atá dírithe ar thacú agus ar chosaint a thabhairt d’úsáid na Gaeilge i go leor de réimsí saoil an duine agus den tsochaí. Ní mór aitheantas a thabhairt do na céimeanna dearfacha atá glactha cheana féin sa treo sin. Tá sé le feiceáil go bhfuil éabhlóid ag tarlú ag leibhéal beartais agus reachtaíochta an Stáit le roinnt blianta anuas. Tá an polasaí don oideachas Gaeltachta ag imirt tionchar dearfach agus léiríonn taighde go bhfuil ag éirí leis an tumoideachas gasúir óga a chumasú go maith sa teanga. Tá leasuithe déanta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla a chuireann san áireamh an gá atá le soláthar na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge sna limistéir phleanála teanga. Is gníomh suntasach é seo gur gá a thabhairt chun inmhe san achar is giorra ama gur féidir. Tá ról ag an údarás agus ag an teicneolaíocht san obair sin.
Ag leibhéal an údaráis féin, tá ár gcuid straitéisí sna réimsí pobail, fiontraíochta agus fostaíochta ailínithe le cuspóirí teanga na heagraíochta. Díríonn straitéis agus cláir ghníomhaíochta na heagraíochta ar philéir agus struchtúir tacaíochta na réimsí atá aitheanta sna pleananna teanga a fhorbairt agus a láidriú. Le tamall anuas, tá scéimeanna agus dreasachtaí nua forbartha agus á bhforbairt ag an eagraíocht le tacú tuilleadh leis an bpróiseas pleanála teanga. Tá siad seo bunaithe ar na héilimh agus na riachtanais atá ag teacht ó na pobail féin nó atá aitheanta ag an eagraíocht. Is sampla de seo an taighde atá déanta ar úsáid na Gaeilge sna cliantchomhlachtaí. Is díol spéise é go raibh roinnt de na treochtaí céanna le tabhairt faoi deara san anailís sin agus a bhí sa daonáireamh is déanaí, go háirithe an bhearna idir inniúlacht sa teanga agus úsáid na teanga ag leibhéal an phobail.
Tá na dreasachtaí agus scéimeanna tacaíochta atáthar á gcur in áit ag freagairt de thorthaí an taighde sin.
Tá bunchloch mhaith curtha faoin phróiseas pleanála teanga le cúpla bliain anuas agus ar an iomlán tá na pleananna a d’aontaigh na pobail á gcur i gcrích. Is gá anois go mbreathnófaí ar shlite le neartú a dhéanamh ar an méid atá bainte amach agus le cur le tionchar an phróisis. Beidh na chéad chéimeanna eile a ghlacfar treoraithe ag torthaí an athbhreithnithe ach is furasta a fheiceáil gur féidir an próiseas a láidriú trí na struchtúir atá in áit cheana féin, idir eagraíochtaí agus foireann, a neartú le beocht agus dlús a choinneáil faoin bpróiseas; dlúthcheangal a chothú le heagraíochtaí atá maoinithe ag an Stát i réimsí na luathbhlianta, óige, ealaín, seirbhísí digiteacha agus an teaghlaigh ionas go bhfuil siad lárnach i seachadadh cuspóirí pleanála teanga an Stáit; beartais an Stáit i ngach réimse de chuid an tsaoil a bheith airdeallach agus ag feidhmiú ar bhealach a thacaíonn le pobail theanga laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht; feidhmiú iomlán a dhéanamh ar bheartais agus reachtaíocht atá i bhfeidhm cheana féin a thacaíonn le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht; cinntiú gur ann do phobail inmharthana Gaeltachta agus go dtugtar aghaidh ar chonstaicí ar nós cúrsaí tithíochta, cúrsaí teicneolaíochta, cúrsaí fostaíochta agus forbairt tuaithe chun an méid sin a chinntiú; agus struchtúr taighde agus réamhphleanála a bheith in áit ionas go mbíonn na céimeanna a ghlactar tomhaiste, comhordaithe agus fianaisebhunaithe.
Mar fhocal scoir, táim den tuairim mheáite go bhfuil an próiseas pleanála teanga ar cheann de na gníomhartha is dearfaí a glacadh le glór a thabhairt do na pobail féin i gcur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht ó bhunú an Stáit. Tá sé tar éis anáil a thabhairt don dioscúrsa poiblí is gá ar thodhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht. Ní ceart áfach go bhféachfaí anois air mar an t-aon ghníomh atá de dhíth. In ainneoin an tiomantais atá á léiriú ag an Stát don phróiseas agus an infheistíocht shuntasach atá á dhéanamh ann, níl aon amhras ach go bhfuil i bhfad níos mó de dhíth. Teastaíonn beart de réir briathar i bhfeidhmiú bheartas an Stáit ar mhaithe le stádas agus úsáid na Gaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus sa Ghaeltacht.
Le deich mbliana anuas, tá an t-údarás tar éis stiúir mhaith a thabhairt don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht agus é coimeádta ag gluaiseacht sa treo ceart. Níl an próiseas úr nua seo gan locht agus tá go leor dúshláin le sárú go fóill ach, é sin ráite, creidim go láidir gur boichte i bhfad a bheadh cúrsaí teanga sa Ghaeltacht murab ann don phróiseas pleanála teanga. Mar a dúirt mé ag an tús, gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis a fháil inniu teacht os a chomhair. Tapóidh mé an deis buíochas a ghabháil freisin le foireann an údaráis, leis an Roinn agus leis na heagraíochtaí eile Stáit atá ag obair linn ar an tionscnamh tábhachtach seo. Is comhfhiontar atá i gceist ina bhfuil daoine á dtarraingt le chéile. Is fiú go mór é sin a aithint agus a lua os comhair an chomhchoiste Oireachtais seo.