An bhfuil tú ag foghlaim nó ag teagasc faoi Pharlaimint na hÉireann? Gheobhaidh tú ár gcuid acmhainní oideachais uile anseo.
Teach Laighean | Mol Foghlama
Cuireann ár bhfoireann oideachais brí agus anam san fhoghlaim ach mol foghlama a dhéanamh de Theach Laighean, suíomh ár bParlaiminte náisiúnta.
Féach ar ár gcuid acmhainní foghlama agus deiseanna chun an pholaitíocht a fheiceáil ag feidhmiú trínár gceardlanna agus socrúcháin oideachais.
Aimsigh do leibhéal
Tá ár n-acmhainní oideachais saincheaptha le haghaidh leibhéil dhifriúla, ó fhiosrú an daonlathais ag leibhéal na bunscoile go dtí pleananna ceachta a d’oirfeadh do churaclaim na meánscoile.
Lá sa saol | Foireann Oideachais
Tá cuspóir mór ag an bhfoireann oideachais i dTithe an Oireachtais, mar atá, cur le heolas agus tuiscint an phobail ar a dtarlaíonn inár bParlaimint, ar an obair a dhéanann Teachtaí Dála agus Seanadóirí agus ar an dóigh a n-oibríonn ár ndaonlathas.
Fan i dteagmháil linn
Tá clár oideachais gníomhach againn; ina measc tá seimineáir ghréasáin do mhúinteoirí, glaonna físe Ceann-go-Ceann le scoláirí, agus neart eile. Má tá tú ag iarraidh an t-eolas ar fad agus is nuaí a fháil, cláraigh chun ríomhphoist a bhaineann le cúrsaí oideachais a fháil uainn.
An daonlathas a fhiosrú
Má tá tú ag teagasc OSSP na sraithe sóisearaí i mbliana, féach ar ár sraith nua ar An daonlathas a fhiosrú. Tá pleananna ceachta, seónna sleamhnáin agus tionscadail ghníomhaíochta ann le cabhrú leat snáithe 3 den churaclam OSSP nua a chlúdach.
clár faisnéise
In our own words
Dírítear sa chlár faisnéise seo ar an scéal a bhaineann le streachailt mhná na hÉireann ar son an chomhionannais agus na hionadaíochta sa réimse polaitiúil, a insítear go heisiach trí scéalta pearsanta na mban a bhaineann leis an scéal.
Dáil100
Dáil Day One
Insítear scéal na gcúinsí a spreag comhaltaí na Chéad Dála chun parlaimint neamhspleách a bhunú in 1919 sa ghearrscannán beoite seo.
Foilseacháin oideachasúla le déanaí
Luan, 3 Aib 2023
Luan, 3 Aib 2023
Exploring the Good Friday Agreement through Oireachtas Debates
Lesson plans that will allow students to gain an understanding of the Good Friday Agreement and its significance in Irish history; learn how to analyse primary sources, and specifically Oireachtas debates; and practice critical thinking and debate skills
Céad, 1 Meith 2022
Céad, 1 Meith 2022
Primary teacher summer course outline
An outline of the summer course being delivered to primary teachers entitled The Future is Yours: An Introduction to Active Citizenship in Primary School
Luan, 23 Beal 2022
Luan, 23 Beal 2022
Treaty Debates Research Project Competition Winners
Awards ceremony booklet for the winners of the Oireachtas Education Treaty Debates Research Project Competition
Dáil100
Bhí an chéad suí poiblí ag an Dáil i dTeach an Ardmhéara, Baile Átha Cliath, ar an 21 Eanáir 1919. Le foghlaim faoi bhunúis Pharlaimint na hÉireann agus chun pleananna ceachta, foinsí príomhúla agus nithe inphriontáilte a fháil, tabhair cuairt ar an rannán oideachais ar shuíomh gréasáin tiomanta Dáil100.
Seanad100
Is féidir le múinteoirí breathnú ar shraith speisialta acmhainní oideachais atá bunaithe ar imeachtaí comórtha Seanad100.
Trí úsáid a bhaint as taispeántais, as díospóireachtaí agus as ábhair oideachais eile, tig le scoláirí cúrsaí stairiúla, sóisialta agus polaitiúla — atá ag éirí as céad bliain de shuíonna Sheanad Éireann — a fhiosrú.
Acmhainní eile
An bhfuil tú ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoi na comhlachtaí eile a mbíonn tionchar acu ar an gcaoi a rialaítear Éire? Tá rogha nasc curtha i dtoll a chéile againn chuig eagraíochtaí a mbíonn tionchar acu ar na beartais agus na dlíthe a gcloímid ar fad leo.
Sonraí teagmhála
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
Éire