Is píosaí beaga faisnéise iad fianáin a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs. Is le suíomhanna gréasáin a chuirtear iad ar do ríomhaire.
Is féidir leis an suíomh gréasáin fianáin áirithe a léamh ar do chuairteanna ina dhiaidh sin. D'fhéadfadh an fhaisnéis atá stóráilte i bhfianán a bheith ag baint le do ghnásanna brabhsála ar an leathanach gréasáin nó le huimhir uathúil aitheantais a fhágann gur féidir leis an suíomh gréasáin cuimhneamh ort agus tú ag tabhairt cuairt ar an suíomh ina dhiaidh sin. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí gréasáin. Ní bhaineann siad sin ach le hoibriú an tsuímh gréasáin, áfach. Go ginearálta, ní áirítear i bhfianáin aon fhaisnéis phearsanta ónar féidir thú a aithint, ach amháin i gcás gur thug tú faisnéis phearsanta don suíomh gréasáin.
Is féidir leat a roghnú cé na fianáin a bhfuil tú sásta go n-úsáidfimid iad. Coimeádfar do shainroghanna fianán agus an toiliú a thugann tú go ceann bliana. Má athraíonn tú do shainroghanna, cuirfear deireadh leis an toiliú a thug tú roimhe sin agus léireofar é sin le baint na bhfianán cuí.
Uirlisí Comhroinnte
Bainimid úsáid as seirbhísí Bit.ly Inc. chun URLanna a ghiorrú nuair a roinntear ar ardáin mheán sóisialta iad, nuair a sheoltar ar ríomhphost iad, nó nuair a chuirtear san áireamh i nuachtlitreacha iad. Má bhaineann tú úsáid as uirlisí comhroinnte ar an suíomh seo, d’fhéadfadh go seolfar fianáin ó Bit.ly. chugat. Níl aon smacht againn ar na fianáin sin, mar sin déan athbhreithniú ar pholasaí príobháideachais Bit.ly le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Is féidir leat iarraidh ar Bit.ly gan do bhrabhsálaí idirlín ná do sheoladh IP a cheangal le cuairteanna ar nascanna Bitly. Is féidir rogha a dhéanamh gan a bheith páirteach anseo: https://bit.ly/a/optout. Déanfar leis sin fianán a shuiteáil ar do bhrabhsálaí a thabharfaidh treoir do Bit.ly gan do sheoladh IP ná do bhrabhsálaí a cheangal le nascanna Bit.ly ar a gcliceálann tú nó ar a mbreathnaíonn tú.
Suíomhanna eile de chuid an Oireachtais
Bíonn feidhm ag do roghanna ar an leathanach seo nuair a bhíonn tú ag brabhsáil ar Oireachtas.ie; ach tá dhá fhoshuíomh le Oireachtas.ie a chuireann sainseirbhísí ar fáil don phobal. Oibríonn conraitheoirí seachtracha na suíomhanna sin thar ceann Sheirbhís Thithe an Oireachtais. Mar gheall ar shainchórais bogearraí ar na foshuíomhanna sin, tá feidhm ag roghanna agus beartais dhifriúla fianán, agus ní aistreofar do roghanna ar an leathanach seo chuig na foshuíomhanna sin. Nuair a thabharfaidh tú cuairt ar na foshuíomhanna sin, tabharfar deis duit roghanna a dhéanamh faoi oibriú na bhfianán ar na foshuíomhanna sin.
Catalóg ar Líne an Oireachtais don Phobal (OPAC)
Is suíomh gréasáin a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi í catalóg ar líne Sheirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais ar a bhfuil faisnéis faoi fhoilseacháin a leagadh faoi bhráid an Oireachtais agus faoi chuid de na bailiúcháin stairiúla faoinár gcúram. Baineann sé úsáid as fianáin freisin; ní aistrítear do roghanna ar an leathanach seo chuige. Is féidir leat teacht go díreach ar an mbeartas agus na roghanna fianán le haghaidh OPAC anseo.
Suíomh gréasáin chláir eolais na ndáilcheantar
http://dashboards.oireachtas.ie
Cuireann Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais rochtain ar fáil don phobal ar shuíomh gréasáin idirghníomhach um chláir eolais na ndáilcheantar freisin. Baineann sé úsáid as fianáin freisin; ní aistrítear do roghanna ar an leathanach seo chuige. Is féidir leat teacht go díreach ar an mbeartas agus na roghanna fianán le haghaidh chláir eolais na ndáilcheantar anseo.