Faigh amach faoin gcaoi a bhfuilimid ag déanamh comóraidh ar imeachtaí suntasacha i stair Thithe an Oireachtais mar chuid de Dheich mbliana na gCuimhneachán.
Seanad100
In 2022, beimid ag comóradh céad bliain de Sheanad Éireann, Teach Uachtarach Pharlaimint na hÉireann. Thionóil an Seanad a chéad chruinniú ar an 11 Nollaig 1922 i dTeach Laighean.
Díospóireachtaí an Chonartha
In 1921 agus 1922 déanaimid comóradh céad bliain ar dhíospóireachtaí na Dála ar an gConradh Angla-Éireannach.
Ba é an plé ar an gConradh an díospóireacht ba shuntasaí i stair na Dála. Tráth ríthábhachtach i stair na hÉireann a bhí ann, inar socraíodh conair nua d’Éirinn.
Dáil Éireann 1919-2019
In 2019, bhíomar ag comóradh céad bliain ó bunaíodh an Chéad Dáil. Bhí a chéad suí poiblí ag an gCéad Dáil an 21 Eanáir 1919. Dhearbhaigh na comhaltaí tofa a bhailigh ann Éire mar Phoblacht agus mar stát ceannairceach neamhspleách.
Vótáil 100
In 2018, rinneamar céad bliain ó tugadh vóta parlaiminte do mhná in Éirinn a chomóradh. Ba sa bhliain 1918 a tugadh cead le dlí do mhná na hÉireann vótáil agus seasamh i dtoghcháin pharlaiminte den chéad uair.
Páipéir na Dála luaithe
Tá doiciméid na Dála i rith a tréimhse réabhlóidí (1918-1923) ar fáil ar líne anois. Rinne an Chartlann Náisiúnta digitiú ar an mbailiúchán, ina bhfuil níos mó lá 66,000 leathanach, i gcomhpháirt le Tithe an Oireachtais mar chuid den chomóradh céad bliain ar an gCéad Dáil.
Bibleagrafaíocht
Liostaítear i mBibleagrafaíocht na Parlaiminte in Éirinn de chuid Sheirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais saothair a bhaineann leis an bparlaimint in Éirinn ó bunaíodh Dáil Éireann in 1919. Má tá tú i mbun taighde agus ag scríobh faoin bparlaimint in Éirinn, is féidir leat an bhibleagrafaíocht a úsáid chun tagairtí a chruthú go tapa.
Machnamh 100
Is sraith de mhachnaimh ar líne é Machnamh 100, arna hóstáil ag an Uachtarán Ó hUigínn, ar chomóradh céad bliain ar Chogadh na Saoirse, an Cogadh Cathartha agus an Chríochdheighilt. Cuireann Machnamh 100 le hobair an Uachtaráin le linn Deich mBliana na gCuimhneachán go dtí seo. Is féidir leat féachaint ar fhíseáin de na seimineáir ar shuíomh gréasáin oifigiúil an Uachtaráin.