20 Noll 2024, 13:39
Tá Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid a bhfuil an Seanadóir Marcus Ó Dálaigh ina Leaschathaoirleach air, tar éis a thuarascáil chríochnaitheach ar Thodhchaí Bunreachtúil Oileán na hÉireann a fhoilsiú, ina molann Seanadóirí go mbunófar Coiste den Oireachtas chun scrúdú iomlán a dhéanamh ar an ullmhú i gcomhair aon athrú bunreachtúil ionchasach.
Ar na príomh-mholtaí eile atá sa tuarascáil, tá comhairlí comhairleacha a bhunú a bhaineann le todhchaí bunreachtúil na tíre. Leis an tuarascáil chríochnaitheach seo, tá deireadh leis an comhairliúchán seo agus le hobair an Choiste ar an ábhar seo.
Le haghaidh an chomhairliúcháin seo, d’iarr an Coiste aighneachtaí ón bpobal agus sheol sé ceithre éisteacht phoiblí anseo i Seomra an tSeanaid i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair 2022 nuair a chuala sé ó raon leas-sealbhóirí ar an ábhar. Bhí na téamaí seo a leanas ar áireamh ar na héisteachtaí:
· Glórtha óga ar thodhchaí Bunreachtúil oileán na hÉireann;
· Beartas poiblí agus deiseanna agus dúshláin eacnamaíochta;
· Glórtha Aontachtacha agus Glórtha eile; agus
· Na critéir le haghaidh reifrinn agus a bhfuil le foghlaim ó dhlínsí eile.
Ba iad cuspóirí an Choiste le haghaidh an chomhairliúcháin, tuairimí agus moltaí a bhailiú ar an tsaincheist ón bpobal, go háirithe ó bhéal daoine óga as gach cearn den tír agus, ar ndóigh, glórtha an phobail Aontachtaigh agus a bhfís don todhchaí.
Rinne an Coiste plé freisin ar na critéir le haghaidh reifrinn ar Thodhchaí Bunreachtúil oileán na hÉireann agus a bhfuil le foghlaim ó reifrinn eile a seoladh anseo agus i ndlínsí eile, chomh maith leis na deiseanna sochaí agus eacnamaíochta agus na dúshláin ba cheart a bhreithniú maidir leis an ábhar seo.
Cuireadh na haighneachtaí ar fad ar aird an Choiste agus tar éis na n-éisteachtaí, d’fhoilsigh an Coiste tuarascáil eatramhach i Nollaig 2022.
Leagtar amach sa tuarascáil chríochnaitheach inniu naoi moladh maidir leis na bearta is dóigh leis an gCoiste is gá chun ullmhú le aghaidh athrú bunreachtúil a d’fhéadfadh teacht ar oileán na hÉireann. Ba mhaith leis an gCoiste freisin obair leanúnach an Chomhchoiste um Fhorfheidhmiú Aoine an Chéasta a aithint maidir leis an ábhar seo.
Ag labhairt dó thar ceann an Choiste, leag an Seanadóir Marcus Ó Dálaigh béim ar a thábhachtaí atá rannchuidiú ag an bpobal sa phróiseas seo: “Thar ceann Chomhaltaí an Choiste, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daoine go léir a rinne aighneacht i dtaobh an ábhair seo agus leis na daoine a rinne iarracht freastal ar éisteachtaí poiblí anseo i dTeach Laighean. Creideann an Coiste go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an méid oibre seo agus is é tuairim an Choiste gur rannchuidigh an comhairliúchán seo go mór le díospóireacht ar an ábhar seo.”
Tá an Tuarascáil Chríochnaitheach ón gCoiste, agus trascríbhinní ar na héisteachtaí poiblí, araon ar fáil ar leathanach gréasáin an Choiste.
Bunaíodh Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid mar chuid de nósanna imeachta nua chun rochtain ar Sheanad Éireann agus ar a chuid oibre a éascú, agus scrúdaítear inti réimsí a bhaineann le cumhachtaí reachtúla Sheanad Éireann agus beartas poiblí.
Fiosrúcháin ó na meáin
Houses of the Oireachtas
Communications Unit
Leinster House
Dublin 2
pressoffice@oireachtas.ie
Twitter: @OireachtasNews